Search

24 Mar 2026

Ceol, craic agus an cúpla focal beo ar shráideanna Nás na Ríogh Kildare

Ceol, craic agus an cúpla focal beo ar shráideanna Nás na Ríogh

Múinteoir Aisling agus daltaí ó Ghaelscoil Nás na Ríogh

CEOL, CRAIC AGUS AN CÚPLA FOCAL BEO AR SHRÁIDEANNA NÁS NA RÍOGH KILDARE

Dhúisigh coiste Sheachtain na Gaeilge maidin Dé Máirt agus ceist amháin ag dó na geirbe acu - an raibh aon seans ann go mbeadh lá gan bháisteach againn?? Maidin ghaofar a bhí ann rud a chothaigh a deacrachtaí féin ó thaobh pubaill a chur in airde agus ó thaobh na fuaime de, ach ba chuma sin i ndáiríre - bhí a jab déanta ag Naomh Pádraig agus é cinntithe aige nach mbeadh sé ag cur.

IDIR ÓG AGUS AOSTA PÁIRTEACH

Bhí na sluaite ag gach ceann de na ceithre shuíomh i rith an lae – neart tuismitheoirí bródúla ag Teach na Cúirte áit a raibh os cionn 120 rinceoir ó scoil rince Infinity Dance. Iad ar fad ag caitheamh rud éigin glas agus lán d’fhuinnimh agus beocht ag rince le ceol nua-aimseartha a raibh liricí Gaeilge leis. Bhí neart tallann óg eile ag Teacht na Cúirte freisin – ceoltóirí agus amhránaithe ón nGaelcholáiste agus Muintir Uí Mhórdha - teaghlach áitiúil a bhfuil bua an cheoil go smior iontu.

Ar aghaidh linn ansin go Seanmhargadh na bPrátaí áit a raibh an draíodóir Quentin Reynolds ag cur na leanaí faoi gheasa lena chleasaíocht, agus ionadh orthu ar fad freisin gur i nGaeilge a bhí sin ar siúl aige! Bhí Mick na hEolaíochta linn ansin agus é ag mealladh na leanaí lena gcuid turgnamh. Bhí péinteáil aghaidhe ar siúl ansin, Eclecticats ann le bailiúchán cluichí agus deis ag na leanaí triail a bhaint astu, agus Cuisle Designs agus réimse dheas earraí Gaeilge acu.

Bhí gach sórt rud ag Meal an Mhóta – rince de chineálacha éagsúla ag tosú le rinceoirí Rita Sutton agus iad a léiriú a scileanna leis an rince traidisiúnta, Muireann Ní Bheaglaoich ag múineadh rince na scuaibe agus an rinceoir clúiteach Irene Cunningham ó Chonamara ó dhúchas ann lena hiníon agus mac le blaiseadh a thabhairt dúinn dá scileanna dochreidte rince. Bhí Kate agus Pádraig ann ag ceol leithéidi Bob Dylan atá aistrithe go Gaeilge acu agus na Baird Jim agus Máire ag rá filíochta agus ag ceoil. B’álainn an t-atmaisféar a bhí sa chlós beag sin. Bhí seastán ag Cill Dara le Gaeilge ann freisin, rud a thug deis dúinn bualadh leis an bpobal. Bhí na páistí an-tógtha leis na greamáin a bhí á dtabhairt amach saor in aisce, agus iad ar fad ag baint triail as an gcúpla focal a labhairt linn nuair ab’fhéidir leo, rud a chur gliondar ar ár gcroí! Tháinig buachaill óg ón Afraic Theas chugainn le comhrá a dhéanamh, agus an Ghaeilge ar cheann de na 5 theanga atá aige, agus buachaill óg eile a tháinig go hÉirinn ceithre bliana ó shin agus é anois i mbliain a haon ar an meánscoil agus é ag an bhFéile Sráide ag lorg deiseanna an Ghaeilge a chleachtadh. Ardú croí agus meanma é labhairt leis na daoine óga sin.

Is i gCearnóg na Poibleoige a bhí an t-ardán ba mhó agus scoth na gceoltóirí ann ó Shult na Sollán agus Comhaltas Chill Chéile. Bhí múinteoir Aisling ann ó Ghaelcoil Nás na Ríogh agus cór beag in éineacht léi ag canadh in ard a gcinn. Bhí cór beag curtha le chéile ag Daithí agus daoine nuathagtha chun na tíre ag canadh leagan beomhar den Phoc ar Buile! B’álainn iad na hamhráin a chan Sive freisin agus deis ag daoine a d’fhreastail ar a ceardlann le linn Sheachtain na Gaeilge a bheith ag canadh in éineacht léi. Cuireadh deireadh spleodrach leis an lá leis an gcéilí sráide. Deireadh iontach le lá den scoth.

READ NEXT: Kildare bus stop pole has been 'lying on the ground' since last year

FOCAL BUÍOCHAS

Ár míle buíochas le Comhairle Contae Chill Dara, Éire Ildánach agus an Ciste Spreagtha a thug maoiniú dúinn don fhéile, do na Gardaí agus an Chosaint Shibhialta a bhí ann ar an lá, ach thar aon rud eile leis an gcoiste deonach agus na daoine a chabhraigh ar an lá, na scoláirí a rinne mná/fir an tí, a chabhraigh leis an maoirseacht ag na hionaid éagsúla, a rinne péinteáil aghaidhe agus neart eile, agus leis na ceoltóirí, amhránaithe, rinceoirí, fili agus eile a ghlac páirt sa cheiliúradh álainn seo ar ár dteanga agus cultúr.

GLUAIS: ag dó na geirbe acu – worrying them; puball – tent; bródúil – proud; beocht – liveliness; go smior – to the bones; draíodóir – magician; turgnamh – experiment; clúiteach – wellknown; dochreidte – unbelievable; greamáin – stickers; gliodar – joy; meanma – spirits; scoth – the best of;

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.