Helen Doyle
DAOINE ATá AG DÉILEÁIL LE STRUS NÓ IMNÍ
Is minic a chloiseann tú daoine ag caint faoi imní agus strus. Bíonn siad ag rá go bhfuil siad ‘chomh gnóthach sin’, nó ‘ag déileáil leis an méid sin’, nó go bhfuilidir faoi bhrú. Is cosúil gurb ionann an méid struis agus imní faoina bhfuil siad agus cé chomh cumasach is atá siad agus gur sórt ‘suaitheantas onóra’ é.
Ach tá rud nach dtuigeann an té atá faoi bhrú! Rud a dhéanann damáiste d’fholláine daoine óga mórthimpeall orthu!
Samhlaigh… Nuair atá tusa ag streachailt le strus agus imní, cé atá ag féachaint ort, ag éisteacht leat agus ag foghlaim uait conas maireachtáil ar an domhan seo? An é do theaghlach óg féin atá ann?
An é sin an chlann chéanna a raibh tú chomh bródúil astu nuair a chonaic tú iad ag foghlaim chomh
éasca sin?… Bhí siad ‘ag sú’ rudaí isteach chomh tapaidh sin!
AN TIONCHAR AR DHAOINE ÓGA
Samhlaigh anois gur féidir leo ‘sú’ isteach agus foghlaim conas a bheith faoi bhrú agus faoi strus.
Téann na mothúcháin atá mórthimpeall orthu i bhfeidhm go mór ar pháistí íogaire, is cuma an sonas nó strus atá ann.
Níl strus ná imní ró-iontach dóibh i mo thuairim!
Ach ní ortsa atá an locht i ndáiríre… d’fhoghlaim muid ar fad an rud céanna nuair a bhíomar óg.
Anois tá muid ar fad ag cóipeáil an tsóirt treoirphlean chéanna agus ag an bpointe seo tá sé go huile is go hiomlán as dáta.
Mar sin, má tá tú ag streachailt le strus nó le himní, agus seans ann go bhfuil sé sin mar thionchar ar do pháistí íogaire áilne… stop agus dean rud éigin chun cabhrú leat féin.
TEICNÍCÍ CHUN DO SHAOL A ÉASCÚ
Tá neart teicnící ann is féidir a dhéanamh agus a chleachtadh le go mbeidh saol níos séimhe agus níos éasca agat. Samhlaigh anois do chlann ag sú isteach an tsóirt cur chuige sin agus iad do do chóipeáil anois!
Nach é sin an sórt tionchair a bheadh cabhrach do dhaoine óga? Bheadh siad ag foghlaim faoi shaol níos suaimhní agus níos compordaí uait ansin. Is tionchar níos fearr é sin dóibh don todhchaí.
Má tá aon cheist agat faoi na teicnící seo, nó má tá aon chabhair uait sa réimse seo, tar i dteagmháil liom ag www.helendoyletherapy.com.
Bheinn an-sásta cabhrú leat.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.