Search

03 Nov 2025

COLÚN GAEILGE: Aimsigh spás don Ghaeilge i do ghnó

An Ghaeilge a ceiliúradh i gcomhar leis on Leinster Leader agus Cill Dara le Gaeilge

An bhfuil spéis agat an Ghaeilge a chur chun cinn i do ghnó i gContae Chill Dara?

CÚLRA
Bunaíodh Gnó Chill Dara in 2022 chun tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí sa chontae ar mian leo a ngnó a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge. Tá scéim gnó Chill Dara le Gaeilge oscailte do gach sórt gnó; ní gá don ghnó seirbhís iomlán i nGaeilge a chur ar fáil – cuirtear gach tacaíocht ar fáil do ghnóthaí nach bhfuil ach cúpla focal acu chomh maith. Cuirtear pacáiste tacaíochta ar fáil do gach gnó a chláraíonn don scéim, agus tugtar an deis dóibh freastal ar ranganna Gaeilge ar lascaine. Is scéim uilechuimistheach é Gnó Chill Dara agus tá fáilte roimh aon ghnó atá toilteanach an Ghaeilge atá acu a úsáid páirt a ghlacadh sa scéim seo.

BUNTÁISTÍ NA SCÉIME
Creideann Cill Dara le Gaeilge gur féidir le húsáid na Gaeilge buntáistí, breisiúlacht agus deiseanna forbartha a thabhairt d’iomaí cineál gnó ar dhóigheanna éagsúla: branda an ghnó a chur chun cinn, poiblíocht atá éagsúil a dhéanamh, taithí an chustaiméara a fheabhsú agus dílseacht custaiméirí a threisiú. Is deis den scoth í an scéim seo do ghnóthaí forbairt a dhéanamh ar a ngnó agus nasc a chruthú leis an méid an-suntasach daoine a úsáideann an Ghaeilge go rialta nó a bhfuil spéis acu sa teanga.

NA GNÓTHAÍ ATÁ SA SCÉIM
Tá an-áthas orainn gur chláraigh seacht ngnó i gceantar Nás na Ríogh agus na Sollán linn ó cuireadh tús leis an scéim seo. Seo iad na gnóthaí a chláraigh don scéim i mbliana: Dúlra Chill Dara, Aroma Mocha, AllType Ltd, Helen Doyle Therapy, Café Grange, StudyBase.com
agus Barge Trip (féach www.cilldaralegaeilge.ie
/eolaire-3/).
Táimid ag súil le tuilleadh gnóthaí ón gceantar a bheith linn in 2023, agus leis an scéim a leathnú amach go dtí an chuid eile den chontae. Má tá suim agat do ghnó a chlárú leis an scéim, nó tuilleadh eolais a fháil féach www.cilldaralegaeilge.ie
/gno-chill-dara.

GRADAM GHLÓR NA nGAEL
Is ann do scéim náisiúnta freisin a thugann aitheantas do ghnólachtaí a úsáideann an Ghaeilge mar chuid den ghnó nó a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar fáil, is é sin Gradam Gnó
Ghlór na nGael. Tugann Cill Dara le Gaeilge tacaíocht do ghnólachtaí i gCill Dara bogadh ar aghaidh chuig an scéim sin: www.glornangael.ie/gno/.

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.