Anna ag cabhrú ag Féile Sráide Nás na Ríogh
Bíonn siúlach scéalach – scéal Anna
Anna is ainm dom agus tá mé cúig bliana is fiche d’aois. Beagán faoi mé féin ar dtús, is múinteoir bunscoile mé atá ar sos gairme ón múinteoireacht faoi láthair. Shocraigh mé gur theastaigh sos ón múinteoireacht uaim mar go raibh mé faoi bhrú de bharr an méadú maidir le riachtanais iompraíochta agus an easpa tacaíochta. Ansin, mar aon le cuid mhór daoine óga sa lá atá inniu ann, rinne mé cinneadh dul ag taisteal timpeall an domhain le mo bhuachaill cara.
CAMCHUAIRT TIMPEALL AN DOMHAIN
Thosaíomar i Londain, ansin chuaigh muid go dtí an Aithin, Dubai, an Téalainn, an Chambóid, Vítneam, Singeapór, an Astráil, Hong Cong, Macao, an tSín agus Laos. Ba é an t-airgead is fearr a chaith mé riamh i mo shaol agus mhúin sé dom an tábhacht a bhaineann le moilliú síos sa saol go háirithe na laethanta seo. Le linn an ama seo, bhí mé ag múineadh ceachtanna Gaeilge ar líne do dhaltaí sa mheánscoil. Ba chuma cén t-am ar maidin fiú a dó nó a trí a chlog. Bhí mé i gcónaí ann chun ceachtanna a mhúineadh do mo scoláirí.
Thosaigh mo ghrá don teanga Gaeilge nuair a bhí mé sa bhunscoil. D'fhreastail mé ar Ghaelscoil I Léim an Bhradáin darb ainm Scoil Cearbhaill Uí Dhálaigh agus ba iad na múinteoirí sa scoil sin a spreag ionam an fíorghrá don Ghaeilge atá agam anois.
Níos déanaí i mo shaol, thosaigh mé ag imirt peil ghaelach leis an gclub Cumann Lúthchleas Gael darb ainm Na Gaeil Óga, ceann de dhá chlub CLG lasmuigh den Ghaeltacht ina labhraítear Gaeilge. Tá an grá don teanga agus don chultúr Gaeilge daingnithe istigh sa chlub seo. Tá cairde iontacha déanta agam a bhfuil an paisean céanna acu don teanga agus do chultúr na Gaeilge.
AR AIS SA BHAILE
Anois agus mé ar ais in Éirinn arís tar éis mo thurais, thuig mé gur mhaith liom a bheith mar chuid de chur chun cinn na Gaeilge i gCill Dara agus in Éirinn. Tá a fhios agam go dtosaíonn sé leis an oideachas agus tá mé féin páirteach ann agus feicim go bhfuil sé chomh tábhachtach do pháistí a bheith tumtha sa teanga Gaeilge ó aois óg.
READ NEXT: Progress made on securing sites for Kildare cemetery
Measaim go bhfuil an t-ádh orm gur fhreastail mé ar Ghaelscoil ach tá sé tábhachtach an Gaeilge a choimeád suas tar éis scoile freisin agus an teanga a úsáid chuile lá. Creidim gur chóir do gach duine a ndícheall a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt fiú mura dtosaíonn siad ach le cúpla focal. Tá cinneadh déanta agam a bheith ag obair le Cill Dara le Gaeilge, eagraíocht iontach a chuireann an Gaeilge chun cinn i gCill Dara, agus mar chuid de seo táim ag bunú club reatha chun an Gaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga i gCill Dara. Thosaigh an club reatha nua Dé Domhnaigh an 29ú lá de mhí Márta 2026, i bPáirc Naomh Caitríona i Léim an Bhradáin.
Mholfainn do gach duine teacht agus cúpla focal a úsáid, níos mó Gaeilge a fhoghlaim, cairde nua a dhéanamh agus an teanga a choinneáil beo. Tuilleadh eolais: annacullen148_gmail.com
Anna Ní Chuilinn
GLUAIS: sos gairme – career break; iompraíocht – behaviour; moilliú síos; cur chun cinn – promotion; tumtha – immersed; a ndícheall a dhéanamh – to do their best; club reatha – running club.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.