Search

06 Sept 2025

COLÚN GAEILGE LE CILL DARA LE GAEILGE: Buaiteoirí chomórtais Sheachtain na Gaeilge

COLÚN GAEILGE LE CILL DARA LE GAEILGE: Buaiteoirí chomórtais Sheachtain na Gaeilge

AN COMÓRTAS EALÁINE

AN COMÓRTAS TALLAINNE

Ghlac beirt páirt i mbabhta ceannais an chomórtais tallainne ag an bhFéile Sráide i Nás na Ríogh ar lá le Pádraig - Dara de Faoite agus Aoife de Bháicéir. Ba iad an fuirseoir Tadhg Hickey ó Chorcaigh agus Mairéad Ní Neachtain ó Ghael Linn a rinne moltóireacht ar an lá.
Chuaigh caighdeán na beirte go mór i bhfeidhm orthu agus ba dhodhéanta idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Chinn na moltóirí an scór céanna a thabhairt dóibh, agus bhuaigh siad beirt dearbhán €150.


AN COMÓRTAS EALÁINE
Bhí an-tóir ar an gcomórtas ealaíne i mbliana – fuaireamar os cionn 200 iarratas! “An rud is tábhachtaí domsa” an téama a bhí ann, agus ba dheas léamh na ndaoine óga ar na rudaí is
tábhachtaí dóibhsean a fháil, agus iad curtha in iúl ar go leor bealaí éagsúla. Cuireadh na pictiúir ar taispeáint ar thaispeántas sleamhnán le linn Sheachtain na Gaeilge agus ina diaidh. Tá pictiúir na mbuaiteoirí ar crochadh ann faoi láthair. Is iad buaiteoirí na bliana seo ná:
Rannóg A (naíonáin bheaga suas go rang a 2): an chéad áit: Amiba Range, Scoil Naomh
Lorcán, Na Solláin, an dara háit, Faylinn Ní Chomáin, Gaelscoil Mhic Aodha, Baile Chill Dara.
Rannog B (Rang a 3 go Rang a 6): an chéad áit, Nora Dorado, Scoil Bhríde, Nas na Riogh: an dara háit, Alannah Nic Chonraí, Scoil Uí Dhálaigh, Léim an Bhradáin; an tríú háit, Molly Sinnamon, Scoil Naomh Lorcáin, Na Solláin. Rannóg C (daltaí meánscoile): an chéad áit, Mary Ní Cheallanáin, Gael-Choláiste Chill Dara; an dara háit, Méibhín Ní Shúilleabháin Gael- Choláiste Mhaigh Nuad, an tríú háit, Aisling Ní Ógáin, Gael-Choláiste Mhaigh Nuad.

AN COMÓRTAS SCRÍBHNEOIREACHTA

Bhain an téama céanna leis an gcomórtas scríbhneoireachta, is é sin “An rud is tábhachtaí domsa”. Comórtas do bhunscoileanna amháin a bhí anseo agus bhí dhá rannóg ann. Bhí na moltóirí an-tógtha leis an rogha scéalta, idir scéalta faoin Nollaig, Netflix agus an léitheoireacht!
Is iad buaiteoirí na bliana seo ná: Rannóg A, Rang 1 – Rang 3: Buaiteoir: Fia Herbert, Gaelscoil Mhic Aodha. Rannóg B, Rang 4 – Rang 6: An chéad áit: Ellie Keogh, Scoil an Chlochair, Nás na Ríogh; an dara háit: Ailbhe
O’Loughlin, Scoil an Chlochair, Nás na Ríogh; an tríú háit: Vanessa Kubiliute, Scoil an
Chlochair, Nás na Ríogh.

COMÓRTAIS EILE

Bhí roinnt comórtas eile ar siúl don phobal agus do ghnólachtaí i Nás na Ríogh/sna Solláin le
linn Sheachtain na Gaeilge freisin. Bhuaigh Aoife Ní Mhurchú, Sarah Hayden, Oscar Carey,
Dara Ó Murchú agus Ciara Ní Áirtneada dearbháin do Barker & Jones i gcomórtas na bpasanna.

Is iad Cógaslann Uí Dhálaigh/Daly’s Pharmacy a bhuaigh comórtas na bhfuinneog, tháinig Aroma Mocha sa dara háit agus Caifé Grá sa tríú háir. Comhghairdeachas libh! Bhí comórtas ar leith ann don Fhéile Sráide leis – duais don ghrianghraf is fearr leis an haischlib
#FéileSráide2023. Fiona Madden a bhuaigh an ceann sin.
Gabhaimid buíochas le gach éinne a ghlac páirt sna comórtais agus beimid ag súil le fiú tuilleadh iarratas do SnaG 2024!

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.