Search

06 Sept 2025

COLÚN GAEILGE: Féile Sráide Nás na Ríogh - Márta 17

COLÚN GAEILGE: Féile Sráide Nás na Ríogh - Márta 17

FILE PHOTO

NÍ FÉILE GO FÉILE SRÁIDE NÁS NA RÍOGH!

Táimid ar bís go mbeidh an Fhéile Sráide ar siúl arís i mbliana i Nás na Ríogh ar Lá Fhéile Pádraig idir 14.00 agus 16.30. Beidh gach sórt siamsaíochta ann - ceol agus rince idir thraidisiúnta agus nua- aimseartha le grúpaí áitiúla, drámaíocht, filíocht agus tuilleadh nach iad. Agus beidh craic ann leis dar ndóigh! Tráthnóna de cheiliúradh ar chultúr na hÉireann a bheidh ann, trí Ghaeilge. Ar cheann de na spriocanna atá againn tá an fhéile Ghaeilge is mó do Lá Fhéile Pádraig a reáchtáil, taobh amuigh den Ghaeltacht. Cúis mhór áthais dúinn is ea go mbeidh TG4 linn ar an láthair i mbliana le taifead a dhéanamh air sin!
In 2018 nuair a tharla an chéad Fhéile Sráide ní raibh ann ach stáitse amháin i gCearnóg na Poibleoige, ach tá fás thar cuimse tagtha uirthi ó shin agus i mbliana beidh ceithre ionad ceoil agus chultúrtha ann ar phríomhshráid Nás na Ríogh: Cearnóg na Poibleoige, Meal an Mhóta, Seanmhargadh na bPrátaí agus Teach na Cúirte.

SEÓ CLAINNE

Tá áthas an domhain orainn go mbeidh Stephen McGinley linn arís lena sheó clainne. Beidh Stephen ag cur dhá sheó ar siúl i Seanmhargadh na bPrátaí ag 14:20 agus arís ag 15:25 agus gach sórt cleasaíochta agus iontais ar siúl aige. Rud eile a bheidh ar siúl i Seanmhargadh na bPrátaí ag an am céanna ná margadh beag ag mionghnólachtaí na hidirbhliana ó Ghael-Choláiste Chill Dara. Beidh Comhlacht na dTithe Éin, Féiríní na Foraoise agus Ábhar Casta ann, agus earraí atá déanta acu féin á ndíol acu.

PREMIÈRE DOMHANDA

Ní ag magadh atáimid nuair a gheallaimid daoibh go mbeidh “première” domhanda ar siúl mar chuid den Fhéile freisin. Beidh an fuirseoir Tadhg Hickey (www.tadhghickey.com) ag tabhairt faoina chéad seó beo as Gaeilge. Tá cáil ar an gCorcaíoch mar fhuirseoir ar a bhoinn, mar aisteoir agus mar amhránaí. D’inis sé dúinn i rith na seachtaine go raibh sceitimíní air ach é neirbhíseach ag an am céanna. Tá lucht féachana tuisceanach uaidh! Bígí linn ag Meal an Mhóta ar 14:25 don seó seo.
Ar na grúpaí eile a bheith linn beidh grúpaí ceoil ó Chomhaltas Chill Chéile/Bhaile Éide, an grúpa
“Sult”, Rián, Muintir Uí Riain agus Muintir Uí Mhórdha. Beidh amhránaíocht ó “Na Baird” agus Barra agus Fia, rince ó Ghaelscoil Chill Dara, Scoil Rince Rita Sutton agus Infinity Movement, agus beidh daltaí ón nGael-Choláiste ann ag seinm idir cheol traidisiúnta agus nua-aimseartha.

CÉILÍ MÓR

Cuirfear clabhsúr ar an gceiliúradh le céilí mór amuigh faoin aer ag Cearnóg na Poibleoige. Tuilleadh
sonraí www.sultnasollan.ie.
Bígí linn!

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.