Tobar Naomh Bríd i gContae Chill Dara
SEANCHAS FAOI BHRÍD
Rugadh Naomh Bríd in Umeras, i bparóiste Mainistir Eimhín i gCo. Chill Dara.
Págánach ab ea a hathair agus Críostaí ab í a máthair.
Cé gur chlann shaibhir a bhí iontu shocraigh Bríd bheith ina bean rialta agus a saol a chaitheamh ag guí agus ag tabhairt aire do na boicht.
Chuaigh sí chuig Rí Laighean agus d’iarr sí roinnt talún air chun clochar a thógáil.
Dúirt sé léi a clóca a chur ar an talamh agus gheall sé an talamh faoina clóca di. Nuair a chuir Bríd a clóca ar an talamh d’fhás agus mhéadaigh sé go dtí gur chlúdaigh sé An Currach.
Bhunaigh Bríd clochar faoi chrann darach agus as sin a tháinig ainm na háite, Cill Dara.
CROS BHRÍDE
Bhí Bríd ag tabhairt aire do thaoiseach págánach a bhí ag fáil bháis.
Phioc sí luachra ón urlár agus d’fhígh sí cros astu ag insint dó conas a fuair Íosa bás ar an gcros agus d’iompaigh sé ina chríostaí sular imigh sé ar shlí na fírinne.
Is siombail choitianta í an chros in Éirinn anois. Déantar crosa i ngach ceantar na laethanta seo ar an 31ú Eanáir agus crochtar iad sa teach agus i gcró na n- ainmhithe agus deirtear nach mbeadh aon bhaol ná tine ar mhuintir an tí ná ar na hainmhithe i rith na bliana.
LÁ FHÉILE BRÍDE
Creidtear gur ar an 1 Feabhra a fuair Naomh Bríd bás agus mar sin déantar ceiliúradh uirthi ar an lá seo.
Is é an 1 Feabhra tús an earraigh (Imbolc san Fhéilire Ceilteach). Beireann Bríd an tEarrach
léi.
“Anois teacht an Earraigh beidh an lá ‘dul chun shíneadh, Is tar éis na féile Bríde ardóidh mé mo sheol.” (Antaine Ó Raifteirí, 1784-1835).
Bíonn Féile Bríde ar siúl gach bliain i mBaile Chill Dara, eagraithe ag Solas Bhríde agus Cairde Bhríde.
Is féile 7 – 10 lá é a mheallann cuairteoirí ó chian is ó chóngar.
Tá gach eolas faoi na himeachtaí ar fáil ar https://solasbhride.ie/.
An bhliain seo chugainn beidh ceiliúradh 1500 bliain ann ó fuair Bríd bás.
Beidh saoire bainc nua againn ón mbliain seo amach ar an Luan is cóngaraí do Lá Fhéile Bríde.
- Esther Ní Chonchardha
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.